Cailín a' tSléibhe Ruaidh - Aoife Ní Fhearraigh

Cailín a' tSléibhe Ruaidh - Aoife Ní Fhearraigh

Альбом
Aoife
Год
2010
Язык
`İrlandalı`
Длительность
198170

Şarkının sözleri aşağıdadır Cailín a' tSléibhe Ruaidh , sanatçı - Aoife Ní Fhearraigh çeviriyle birlikte

" Cailín a' tSléibhe Ruaidh " şarkısının sözleri

Çevirili orijinal metin

Cailín a' tSléibhe Ruaidh

Aoife Ní Fhearraigh

'gCluin sibh mise 'bhuachaillí

An méid agaibh 'tá libh féin

Suígí thart fán tinidh anseo

Go n-insí mé mo scéal

Bhí buachaill ar a' bhaile seo

'Bhí súgach aerach suairc

Agus tháinig sé 'dhénamh cleamhnais

Le cailín a' tsléibhe ruaidh

A spéirbhean álainn aigeantach

Ba deise méin is clú

Bí 'teacht liom féin le dúscadh 'n lae

Go bpóstar mé 'gus tú

Bí 'teacht liom féin amárach

'S ná bíodh ort brón ná gruaim

Is cuirfidh mé gúna síoda ort

A chailín a' tsléibhe ruaidh

Níorbh fhios don streabhóg ghiodalaigh

Cad é ba chóir di 'rá

Ach a' dealramh 'bhí ina súile

Den oíche go ndéanfadh lá

A rún mo chroí 'nois díbir thusa

Mearadh 'n ghrá seo uait

Nó is rún liom fanacht díomhain seal

Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh

A mhaidhdean mhaiseach mharánta

Cad é seo 'tá tú 'rá

Dearc síos a' gleann faoi bhuach na mbeann

Is breathnaigh mo chuid barr

Tá togha na bhfear 'sna mbeathach agam

Ag obair ann go cruaidh

'S tá stór is maoin go leor agam

Do chailín a' tsléibhe ruaidh

Má tá stór is maoin go leor agat

Ní domhsa is fearrde é

Nó deirtear liom go n-ólfá thusa

Maoin a' tsaoil go léir

'Do shuí suas 'dtigh an óstaí

'Do dhrabhlás bhocht gan chéill

Ar feadh na hoích' ag ól 's a' gabháil

'Na bhaile le bánú 'n lae

Más fear mé 'tá 'g ól, a chailín chóir

Ní ólaim ach mo chuid féin

Chan tú 'tá 'g íoc ar son na dí

Níl agat pingin mar spré

Is anois ná síl go bhfuil mo chroí

Bocht briste de do chumhaidh

Nó fágaim thú mar fuair mé thú

Ar mhalaí a' tsléibhe ruaidh

2 milyondan fazla şarkı sözü

Farklı dillerde şarkılar

Çeviriler

Tüm dillere yüksek kaliteli çeviriler

Hızlı arama

İhtiyacınız olan metinleri saniyeler içinde bulun